20/10/2015

Tráth na gCeist Bord Feachtas

Bhí trí fhoireann ag Coláiste Choilm i dtráth na gceist bord Feachtas i Mí Dheireadh Fomhair. Chríochnaigh na foirne sa chéad áit,sa cheathrú áit agus sa chuigiú h-áit. Leanann an fhoireann a tháinig sa chéad áit ar aghaidh chuig Craobh na hÉireann tar éis an Nollaig. Is iad Cormac Ó hAmhairgín, Liam Óg Ó hOistín, Sheán Mac Ionnachtaigh agus Aivan Jose baill an fhoireann caithréimeach. 

 Iníon Ní Shúiligh, Sheán Mac Ionnachtaigh, Liam Óg Ó hOistín, Cormac Ó hAmhairgín, Aivan Jose

Comórtas, #tógdofhóin.

Seo iad na buaiteoirí den chomórtas.
An chéad áit – cúrsa ar leathphraghas go Coláiste UISCE: Aivan Jose (3E)
An dara áit – Geansaí UISCE: Faolán O’Brien (4D)
An triú áit: T-léine UISCE: Bill Carroll (3W)


  Bill Carroll, Faolán O’Brien agus Aivan Jose.

D’eagraíomar comórtas ar bhlag na scoile, coilmin.com, i rith na bliana. Bhí ar na daltaí físeán a chur le chéile agus é a chur ar an mblag. Duaiseanna den chéad scoth a bhí ar fáil. Bhuaigh Aivan Jose an chéad duais, leath scoláireacht do Choláiste Uisce (Maigh Eo), bhuaigh Faolán O’Brien an dara duais, geansaí Choláiste Uisce, agus bhuaigh Bill Carroll an tríú duais, t-léine choláiste Uisce.  Beidh comórtas eile againn roimh an Nollag. Ná déanaigí dearmad é a sheiceáil!