25/09/2013

Coláiste Lurgan ar an "Late Late Show"


I rith an tsamhraidh, d’fhreastail roinnt daoine ón scoil seo, Coláiste Choilm agus ó Scoil An Chroí Ró-Naofa ar an nGaeltacht. D’fhreastlaíomar ar Choláiste Samhraidh darb ainm Coláiste Lurgan. I rith na cursaí gaeilge, bhí na daltaí in ann gaeilge a fhoghlaim i neart bealaí éagsúla, mar shampla, trí amhránaíocht. I rith Cúrsa C, rinne na daltaí agus an fhoireann amhrán nua darbh ainm “Wake me up” le Avicii nó anois i ngaeilge “Lig mé saor”. Bhí suim mhór millteach ón bpobal ar YouTube. D’fhéach níos mó ná 2.1 milliún daoine ar an bhfíseán seo. Mar thoradh air sin, tugadh cuireadh do  na scoláirí ó Choláiste Lurgan dul  ar an“Late Late Show”  Sheinn agus chan siad an amhrán beo ar an gclár. Tharla sé ar an 13ú de Meán Fomhair,  2013. Taithí iontach a bhí ann do gach duine. Bhí go leor daltaí ón Tulach-Mhór páirteach sa chlár seo.

No comments :

Post a Comment

Ní thaispeáintear notaí mí-oiriúnach.
(Inappropriate comments will not be posted)